School: An Clochar, Crossmolina (roll number 14728)
- Location:
- Crossmolina, Co. Mayo
- Teacher: An tSr. Antoine
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé é agus dá mba rud é gur bhris sé a gheallamhaint d'imtheochad an t-ór agus bheadh sé chomh bocht is bhí sé ariamh.Tháinig Páidín abhaile leis an bpota óir agus bhí a bhean an-fhiosrach agus b'éigin dó innsint dí gach rud faoi. " Ní sgéal rúin é má tá a hios ag triúr é " adeir an sean-fhocal ". Ach sa chás seo " más ag bean ó Néipin é ní rún é. Fan go bfeicidh sibh a léightheóirí.
Tar éis lá agus bliadhain bhí Páidín agus a bhean ag dul ar aghaidh go breágh. Bhí teach mór aca, agus b'í bean Páidín an bhean ab'fhearr a bhí gléasta san seipéal gach lá agus bíodh éad ag na mnáibh eile léi. Lá mháin dubhairt bean le mnaoi eile go bhfuair Páidín an t-airgead le feall agus go raibh sé ag comhrádh leis an diabhal agus ó ba bhean mhaith a bhí innti le deagh-rud a dhéanamh ar son a comharsan. D'innis sí do mhnaoi Pháidín é, agus bhí sise ag báine. Dubhairt sise go bhfuair a fear-céile í ó fhirín beag faoi an gcaoi ar imir sé i naghaidh na Mumhnach. D'fhéach an bhean uirthi le(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chongamhna
- Gender
- Female
- Address
- Crossmolina, Co. Mayo
- Informant
- Miceál O Congamhna
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Béal an Mhuirthead, Co. Mayo