Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 239
- XML “Sprid”
- XML “Séipéal na hAdhairce”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é ag teacht.
Nuair a bhí sé timcheall ceathramhad míle ón a thig nuair a léim muc amach thar a gclaidhe agus sé nó seacht de banbaí aici. Lean n mhuc é agus stop sé é ar an mbóthar agus leag sí é. Ach d'eirigh an fear arís agus lean an mhuc é.
Nuair a chuaidh sé isteach abhaile bhí sé chómh bán le sneachta agus ní raibh fhios aige aoinne cad a bhain dó. Fuair sé bás an oidhche sin. - Do bhí séipéal taobh amuigh dhe Dhúngarabhán fadó agus sé an ainm a bhí air na séipéal na h-Adhairce.
Sé an chúis a dtugtaí an ainm sin air mar gur adharc a bhí acu chun na daoine a glaodh go dtí an tséipéal gach domhnach.
An oidhche seo ní raibh aoinne ann chun an t-adharc a dhéidheadh agus chaith an sagart é a shéidheadh.
Chuadar agus cheannuigheadar clog nua dho.- Bailitheoir
- Seán Ó Cionáith
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Lábhrás Ó Cuidigthe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall Beag, Co. Waterford