School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 265
- XML “An tÓr i bhFolach”
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht mar nuair a bhí an troid in Éirinn do chuir sé baraille óir i bhfolach agus nuair a chuaidh sé á lorg ní bhfuighead sé d'fhágailt agus bhí fhios aige an áit ina raibh sé i bhfolach aige.
An lá seo bhí sé thíos sa trá agus bhí seana-chapall aige chonaic sé an sceon sa chapall agus d'fhéach sé anáirde sa bhfoill agus chonaic sé píosa den fhoill ag tuitim agus thuit an barraile óir anuas. - 1. Barraile bán is dá saghas bia ann.
Ubh.
2. Bóithrín cumangh is a dhá thaobh dúnta.
Cóifin.
3. Teachtaire beag ó tigh is bíonn sé amuigh san oíche.
Casán.
4. Comh h-árd le faille, comh dearg le fuil, comh bán le bainne, comh milis le mil.
Úl.
5. Bó h-uarach h-árach, bó cárach liath bó cuireadh stails an capall agus a mhuithseár ina dhiaidh.
Tráiléir.
6. Chuaidh mé suas an bóithrín, chuaidh mé síos an bóithrín is thug me an bóithrín ar mo dhrom.
Dréimire.
7. Comh h-árd le caisleán is raghadh sé isteach fé béal cupán.
Liathróid snáith.
8. Toibrin fíor uisce ag fíor bhán na sléibhe fuinneóigín gloine is duirisín cré.
Súl- Collector
- Eibhlín Nic Craith
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford