Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tiocfaidh mo dhian-grá chughamsa amárach
Ní fhágfaidh sí mé níos mó.
Níl fhios m'ainm ná mo shloinne aici
Agus mise Spin Mhic Mhadra an Dúin".
Nuair a chuaidh an buachaill abhaile go dtí a dhinnéar. D'inis sé mar gheall ar an bhfear beag a tháinigh go doras an leasa agus d'inis sé cad é an t-amhrán a bhí aige.
Ansan bhí an ainm ag an gcailín arís agus um tráthnóna nuair a chuaidh an cailín fé dhéin na mba tháinigh an fear beag go dtí doras an leasa agus d'fhiafraigh sé den cailín cad é an ainm a bhí air.
"Spin Mhic Mhadra an Dúin is ainm duit" ar sí. "Is maith an gnó dhuit-se gur airigh an buachaill mise ag amhrán" ar sé "mar muna mbeadh san bheidhfeá anseo im fhochair go deo".- Bailitheoir
- Nioclás Mac Craith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ringville, Co. Waterford