School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 393

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 393

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 393
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feirmeoir ann fadó ag ní bhfaigheadh sé aon im a dhéanamh as a chuid bainne.
    Chuaidh sé fé dhéin na mba an maidin seo agus chonaic sé giorreadh istigh i lár na mba. Bhí cú aige agus lean sé an giorreadh. Chuaidh an giorreadh go dtí a tigh féin agus nuair a bhí sé ag dul isteach an fhuinneog rug an chú uirth agus bhain sé greim aisti agus bhí sé ag cur fola. Chuaidh an feirmeoir go dtí an tigh agus chonaic sé an bhean istigh sa leaba agus í ag tabhairt fola. Budh í sin a bhíodh a deanadh na bpiseóg. Dúirt sí annsan ná deunfadh sí a thuille é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí fear ann fadó agus bhíodh sé i gcónaí ag imirt cártaí. Bhíodh sé an-déanach nuair a bhíodh sé ag teacht abhaile gach aon oíche. Caitheadh sé dul trasna páirce. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile an oíche seo bhí sé an-dorcha. Chuaidh sé isteach sa pháirc agus ní bhfaigheadh sé dul amach. Chuaidh sé abhaile agus dúirt sé nach raghaidh sé ag imirt cártaí go deo arís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    Seumas Móinbhéal
    Gender
    Male
    Address
    Ardmore, Co. Waterford