School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 397

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 397

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 397
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó riamh nuair bhíodh Petticoat Loose ag imeacht timpeall isea thit sé seo amach.
    Nuair a bheadh fear ag teacht abhaile san oíche marbhuigheadh sí é.
    Bhí fear ag teacht abhaile ón tigh ósta oíche amháin ar chapall. Bhuail sé le Petticoat Loose ar an mbóthar. Leag sí den chapall é agus fuair sé bás.
    D'airigh sagart é seo agus chuaidh sé go dtí Petticoat Loose agus dúirt sé léithí go mbeadh sé féin ag áit áirithe an oíche ina dhiaidh san agus ná fuigheadh sí aon rud a dhéanamh leis.
    Tháinigh an sagart an chéad oíche eile agus bhí buidéal uisce coisreacan aige. Dhein sé fáinne mór timpeall air agus ansan dhein sé fáinne leathistig dhe agus dhein sé ceann eile laistig de sin. Scapaigh sé laistigh den ceann deirneach.
    Tar éis tamaill tháinigh Petticoat Loose ach ní bhfuigeadh sí teacht gairid dó.

    Bhí fear ann fadó agus sé an ainm a bhí air ná Con Súilleabháin. Bhí sé pósta agus bhí cailín álainn aige. Bhí fear eile ins an áit agus bhí sé ana-bhocht. Lá amháin fuair sé bás obann agus ní raibh aoinne ann chun é chur, ach fear ana-mhaith a bheadh Con Súilleabháin agus chuir sé an sean scheas. Tar éis tamaill chuaidh Con agus a bhean go Sean Sheasna. Mar tá shíos againn bean deas a beadh bean Con agus thit gach aoinne i ngrá léi.
    Pé scéal é thit captaen a bhí sa mbád léi. Bhí sé uaidh í pósadh ach níor mhaith leis é dhéanamh nuair a bhí Con beo.
    Cumhnuig sé an sheise. Thug sé Con suas i ndeich an báid
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Cuilliú
    Gender
    Female
    Informant
    Maitiú Mac Gearailt
    Gender
    Male
    Age
    57
    Address
    Grange, Co. Waterford