Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)
- Suíomh:
- Whitechurch, Co. Waterford
- Múinteoir: Liam Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí feirmeoir ann aon uair amháin agus bhiodh sé an-cruaidh ar an bhfear oibre a bhí aige.”
Bhí feirmeoir ann uair amháin agus bhíodh sé an-chruaidh ar an bhfear oibre a bhí aige. Níor mhaith le aoinne dul ag obair chuige an mbeadh obair le fáil ó aoinne eile aige.
Bhí sé de mhí ádh ar buachaill dul in aimsir chuige. Dúirt an feirmeoir leis nár mhór do bheith ina shuidhe go moc ar maidin mar go raibh coirce le cur sa pháirc.
D'éirigh an buachaill go moch ar maidin ach ní raibh aoinne chun a bhricfeast a thabhairt dó. Nuair a tháinigh an dinnéar dob é an sgéal céanna é. Bhí sé ag titim i laigheacht leis an ocras.
Cuaidh sé go dtí áit ina raibh lios. Do chuaidh sé isteach sa lios. Do bhí dinnéar breá ar an mbórd agus dubhairt na Daoine Maithe leis suidhe chun an mbórd agus a dhóthain d'ithe agus d'ól. Nuair a bhí a dhóthain ithe agus ólta aige thug sé buíochas dóibh. Agus dubhairt an fear leo go dtabharfadh sé cabhair dóibh nuair a bheadh an coirce aibidh.
Nuair a tháinigh an Foghmhair do thug an buachaill ualach maith den coirce dos na daoine maithe. An maidin ina dhiaidh bhí fhios ag an feirmeoir go raibh cuid den na choirce imithe. Tháinigh fearg air leis an mbuachaill agus do bhuail sé é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máireadh Ní Ciosain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Knocknaskagh Lower, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Floinn
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Kilmolash, Co. Waterford