School: Mín Teineadh Dé

Location:
Meentanadea, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 273

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1040, Page 273

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Teineadh Dé
  2. XML Page 273
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní h-ionann na toighte a bhí déanta ins an t-sean am agus na toighte atá déanta anois. Bhí an chuid ba mhó acu uilig déanta de chlocha agus ceann tuigheadh ortha agus bhí lán comhair acu déanta de fhoda.
    Bhí an teinidh i lár an urláir agus bhí poll i gceann an toigh a dteigheadh an toit amach air. Bhíodh seomra amháin ann a gcodluigheadh siad ann agus bhíodh i gcomhnuidhe leabaidh ins an chluid. Acht níor mhair na toighte foide i bhfad. Bhíodh an t-eallach agus na cearca ins an cheann eile de'n teach. Bhíodh na toighte déanta uilig ndeas dá chéile ar bhruach abhna nó da shruthain san dóigh nach mbeadh an t-uisge i bhfad le iomchar acu.
    Agus is minic a bhíodh beirt nó triúr i gcomhair fán charn aoiligh amháin. Bhí doras ar na toighte agus bhí sé déanta de mhálaí mín bhuidhe
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish