School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 285

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 285

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 285
  3. XML “An Caiseal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Caiseal
    Ar an taoibh siar de Chill Chartha tá'n Caiseal agus ar an teorainn leis. Níl baile ins an pharróiste comh Gaedhealach leis an Chaiseal. Choinnigh muinntir an bhaile seo greim ar shean nósanna agus tréartha na nGaedeal nuair a bhí siad ag sleamhnughadh ar siubhal o móran de na bailtibh eile.
    Níl ar an bhaile anois ach deich dteaglaigh, bhíodh suas le scór ann leith-chéad bliadhain ó shoin. Tá 'n Gaedilg go tréan annseo go fóill, ach d'imigh na scéalta, na hamhrain, an greann agus neart eile leis an tsean-bhunadh.
    Ar iasgaireacht baineann muinntir an bhaile sligh'e beathadh amach mar rinne a mbunadh a thainig rompa le na ciontaibh. Ní fiú gabhaltas a thabhairt ar an spleotan bheag talaimh a bheir préatac agus coirce daobhtha agus tá na spleotain seo féin comh croctha ar mhalaidh an chnuic go b'fuil sé maslach ag duine siubhal orthú ní amhain obair a dhéanadh orthú. Is iomdha deor alluis a thuit ar an talamh ceadna agus is iomdha cnead a baineadh amach as cliabhracha na daoine bochta a thug iarraidh an talamh a leasughadh le leas fairrge a b'éigin daobhtha iomchar ar a ndromanna ó'n tráigh suas araghaidh an chnuic.
    Thainic sé ar na mnáibh an chuid is mó de'n obair seo a dhéanadh na bhíodh na fir i gcomhnaidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Cill Charthaigh, Co. Donegal