School: Cill Chartha

Location:
Cill Charthaigh, Co. Donegal
Teacher:
Eighneachan Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 291

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 291

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chartha
  2. XML Page 291
  3. XML “Caiseal Chairn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Caiseal Chairn
    Sé Caiseal Chairn an chéad bhaile a thiocfas tú annsair agus tú ar do bhealach ó Bhaile 'n Droichid chun na Carraice. Ar mhalaidh cnoic tá'n baile seo fosta sínte agus ins an tsean am támé déanadh go rabh an baile uilig 'na chaiseal. Sul a rannadh an talamh bhí na toighthe uilig déanta suas ar an chomhthromóg ar bharr an chnuic acht anois tá siad caithte thal agus i bfos. Dhá teaglach déag atá na gcomhnuidhe ar an bhaile anois. Is cuimhneach liom féin fiche ceann a bheith ann.
    Ar chúl an bhaile seo tá log ar an dtugtar Log na gCnámh air agus deirtear gur ins an áit seo a thuit an chuid ba truime de arm Dhomhnaill nuair a chuireadh raon madhma air indhiaidh Cath an Doire Leathain an t am a shaoil sé seilbh d'fhághail ar an ríoghacht nuair a bhí Aodh Ruadh i bpríosún.
    Daoine neamh-mbuaidheartha a bhíodh na gcomhnuidhe ar an bhaile seo roimhe seo agus leoga ta moran aca ar an chaoi cheadna indiu. Tá fear amháin ann agus seal bliadhanta ó shoin ghlac sé nósíon in a cheann go rabh crap óir i bhfolach faoi charraic mhór atá ar taoibh shoir de'n bhaile. Le sa shásadh lá amháin d'imthig scaifte de buachailli an bhaile suas leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Caiseal Charna, Co. Donegal