School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 278
- XML “Cill Chartha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cill Chartha
Ní thig le duine theacht asteach na dul amach as Baile 'n Droichid gan a ghabháil anonn thar droichead. Nuair a théidheann sé trasna an ceann atá ag an ceann thíos den bhaile tá sé i gCill Chartha. O'n baile seo fuair an parróiste a ainm agus bheirtear an tainm sin anois ar Baile 'n Droichid i bhfuaim Béarla, Kilcar.
Ar thaoibh malaidh sléibhe tá'n baile suidhte. Tá sean-bhealach ag dul suas fríd an bhaile ach is beag úsaid a gnídhthear de anois ó rinneadh an bealach úr ní b'ísle síos. Balfour's Line a bheirtear ar an bhealach seo siocair gur Balfour a thug an tairgead a rinne é nuair a bhí sé sa tír seo mar árd-rúnaidhe ag riaghaltas Shasana.
Tá sean fothorach teampuill a tógadh ins an áit a thóg Cartha a chéad cill ach níl ann anois acht binn amháin agus píosa beaga de na ballaibh. Thart fa dtaoibh de tá sean roilig agus ins an roilig seo tá Catoilichig agus Prodústanaigh curtha. Bhí daoine dá chur annseo go dtí an bliadain 1860 nuair a rinne na Catoilicigh roilig úr i gCnoc Cartha. Ins an tsean roilig tá 'n Sagart Mac Giolla Cearr curtha, eisean a cur an ola ar an Spáinneach a dfág an t airgead aige le teach pobail a chur suas. Chuir sé suas an Teach(continues on next page)