School: Cill Chartha
- Location:
- Cill Charthaigh, Co. Donegal
- Teacher: Eighneachan Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Chartha
- XML Page 313
- XML “Seanráite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean Ráidhte1. An rud a scríobhas an púca léigfidh sé féin é.
2. Is fada anonn a rud a chuireas Dia anall.
3. Is fada an casan nach bhfuil casadh ann.
4. Is fearr stuam na neart.
5. Is le gach bó a laogh.
6. Is ionann éisteacht agus aontughadh.
7. Na ceannuigh muc i mála.
8. Na bídh ar tús na ar deireadh slógh.
9. Is aith an t-annlann an t-ocras.
10. Ní thuigeann an ráthach an reang
'S mar thuigeann féin ní in am.
11. Cuir síoda ar ghabhar is gabhar é i dtólamh.
12. Comh direach an ród sé'n bealach mór an aithghiorra.
13. Dearbhrathair do Thadhg, Domhnall.
14. Ní thig eolas gan aontuigheas na aontuigheas gan roinn.
15. Aithnigheann ciaróg ciaróg eile.
16. Caidé dhéanfadh mac an chait acht luchóg a mharbhadh.
17. Cuir hata ar bhata is bata é i dtólamh.
18. Cuir hata ar bhata as gheobhaidh tú bean i gCill Chartha.
19. Tús maith leath na h oibre.
20. Is binn béal ina thost.
21. An rud is fearr le fághail, comhairle ó dhuine dorcaidh as a fághail in aisce.
22. Ar leic na bpartan na ar leic na róin,
Ní aithneochadh Eoghan a dhuine muinteardha na(continues on next page)