School: Doobin (roll number 16383)
- Location:
- Dúbinn, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Fhloinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doobin
- XML Page 256
- XML “Scéal - An Fearghamhain Crom”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar na barach d’iarr Fionn ar Leichín an gasur a leigean leis ar feadh bliadhna agus go dtabairfeadh sé do cibe tuarastal a d’iarrfadh sé air. Ní thiocfadh liom sgaramhaint leis arsa Léichin. Bhall ba mhaith liom da leigfea liom é arsa Fionn. Bhal arsa Léichin nuair a chuir tú mar sin é thig leis a dhul leat. D’imthig Fionn agus a chuideachta leis agus ar a dhul siar ag loc Muc daobhtha d’eirig muc agus a hal banfan rompa, agus marbh siad na banfain.
Nuair a bhí an Feárghamhain bhliadhain ag Fionn dubhairt sé lá amháin go gcaithfeadh sé a dhul abhaile go bhfeicfeadh sé a athair. Rinne Fionn a dhiceall air fanacht aige acht ní rabh gar a bheith ag cainnt leis. Nuair a chonnaic Fionn go gcaithfeadh sé imtheacht d’iarr sé air gan a dhul Beallach na Muice(continues on next page)- Informant
- Brighid Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- Dúbinn, Co. Donegal