School: An Ceann Garbh (roll number 13954)
- Location:
- An Cionn Garbh, Co. Donegal
- Teacher: Maighréad Nic an Bhriathartaighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ceann Garbh
- XML Page 358
- XML “Scéal Fíor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Fíor
“Am amháin bhí bean 'na luighe agus í iongantach tinn. Cuireadh fa choinne an t-sagairt acht bhí sí marbh nuair a thainig sé.”
Am amháin bhí bean 'na luighe agus í iongantach tinn. Cuireadh fa choinne an t-sagairt acht bhí sí marbh nuair a thainic sé. Chuaidh an sagart ag rádh urrnuighe do'n anam annsin mar bhí sé ro mhall le dadaidh eile a dheánamh. Ní raibh sé i bhfad 'na sheasamh ag an leabaidh a raibh an corp uirthí nuair a shócruigh sé an anal ag teacht arais ag an té a bhí indiaidh bás d'fágháil sul a dtainig sé. Bhí iongantas níos mó air nuair a labhair an bhean agus dubhairt sí go bhfuair sí cead theacht arais go ndeánadh sí siothchan le Dia.
Déist an sagairt í agus thug sé na sácramuintí deireacnna dí. Nuair a bhí sin deánta aige d'fiafruigh sé dí caidé a shábhail í,
ná caidé a rinne sí 'na saoghal a fuair cead sí theacht arais o'n t-saoghal eile. Dubhairt sí leis gur b'é urrnuighe na leaptha a shábháil í, sin urrnughe a deireadh sí i gcomhnuidhe nuair a théigheadh(continues on next page)- Collector
- Máire T. Nic Dáibhaidh
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- An Chomairce, Co. Donegal
- Informant
- Máire Inghean Níc Dáibhid
- Gender
- Female
- Age
- 55