School: An Ceann Garbh (roll number 13954)
- Location:
- An Cionn Garbh, Co. Donegal
- Teacher: Maighréad Nic an Bhriathartaighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ceann Garbh
- XML Page 355
- XML “Scéal Fíor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Fíor
“Am amháin bhí bean na luighe agus í iongantach tinn. Cuireadh fá choinne an t-sagart acht bhí sí marbh nuair a tainic sé.”
2ad Nodlag 1938.
Am amháin bhí bean na luighe agus í iongantach tinn. Cuireadh fá choinne an t-sagart acht bhí sí marbh nuair a thainic sé. Chuaidh an sagart ag radh urnuighe do'n anam annsin mar bhí sé ro mhall le dadaidh eile a deánamh. Ní raibh sé a bhfad na seasamh ag an leabaidh a rabh an corp uirthí nuair a sóchruigh sé an anal ag teacht arais ag an té a bhí indiaidh bás dfághail sul a dtainic sé. Bhí iongantas air ní nach iongnadh, agus bhí iongantas níos mó air nuair a an bhean agus a dubhairt sí go bfuair sí cean theacht arais go ndeánadh sí siochchan le Dia. Déist an sagart í agus thug sé na sácramuinti deireannacha sí. Nuair a bhí sin déanta aige dfiafruigh sé dí caidé a sabhail é, na caidé a rinne sí 'na saoghal a fuair cead dí teacht arais on t-saoghal eile. Dubhairt sí leis gur b'é urrnuighe na leaptha a shábhail í, sin urrnuighe a deireadh sí(continues on next page)- Collector
- Muiris 'Ac Dáibhid
- Gender
- Male
- Age
- 10
- Address
- An Chomairce, Co. Donegal