School: Dún Lúithche (roll number 16423)
- Location:
- Dunlewy, Co. Donegal
- Teacher: Séamas Mac Giollabhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Lúithche
- XML Page 201
- XML “Ceantar Dhún Lúiche”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo ceanntar Dhúin a Lúithche. Is le paraoiste Ghaoith-Dobhair an compall seo.
Suidhte imeasg na gcnoc, seo ceanntear a bhéas iomraidhteach go fóill. Le beagan bliadhain anuas tá pubhal mór famairí ar an áit agus is dóiche nach dul ar gcúl a bhéidheas an teacht isteach seo.
Tá Dún Lúithche suidhte imeasg na gncoc. Tán Eargal agus Sliabh Sneachta ar a chúl, tá loch Dhúin a Lúithche and Loch na Cuinge na luighe ag bun na gcnoc seo, agus is deas an pictúir a gnídheas an luigheachan seo maidin samhraidh.
Chualaidh mé daoiní a bhí ar cuairt go Cill Áirne ag rádh go bhfuil an ceanntar seo de thairbe áilneacta comh h-aoibhinn leis an áit iomráidhteach seo i gCo Ciarraige.
Measaim go mbéidh an áit seo imeasg Sléibhte Thír Conaill clúimhail go fóill nuair a dhéanfas na famairí a thogeas na náite a clú a spréideadh ar fud na cruinne.
Tá an áit suidhte cómhgarach don bhealac mhór a ritheas ó Ghaoth Dobhair go Litir Ceanainn.
Ní rabh an bealach mór ann go dtí bliadhain an droch-shaogail
De reir mar thigim seo ceann de na bealaigh a rinneadhi n-am na mine-buide.
Deirtear go rabh oiread ban ag obair air agus bhí do fir, agus bhí na n-ualaigh uilig le n-iomcar i málaibh i rith an ama a bhí siad ag obair air.
Seo bealach na sglábhaideachta.
Sul a dtáinig traen na bealaigh seo , agus i bfad roimhe(continues on next page)- Collector
- Séumas Mac Giolla Bhríghde
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir