School: Dún Lúithche (roll number 16423)

Location:
Dunlewy, Co. Donegal
Teacher:
Séamas Mac Giollabhrighde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Lúithche
  2. XML Page 206
  3. XML “An Earagail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Eargal
    Seo an cnoc is aoirde i dTír Conaill. Tá sí suidhte mar gárda ar ceanntar Dhúin a Lúithche, agus is minic a bhíonn sí na hadhbhar aidhneais ag lucht léighinn.
    Cadé an chiall atá leis an fhocal - Eargal. Sin an cheist a sháraigh moran daoiní, agus saoilim nach bhfuil an cheist réidhtig go fóill?
    Cuireann "Joyce" n n-umhal dúinn agus níl amhras ar bith air gur hainmniughadh an sliabh seo as an tseipeal a bhí ins an tsean chill ( ar thrácht mé ar an leathanach thall).Bhain an dochtúir maguidhir úsáid as an eolas seo seal bliadhanta ó shoin ins na paipearaibh nuaidheachta.
    Gan mhoill indiaidh fuair sé litir uadh an Duke of Argyle, ag foillseadh gur b’ionann an focal Eargal agus an teidil a bhí ‘na tEaglach sin; agus go bhfuaras é mar seo. Ear – (earth_ agus geal (white).
    Caithfear adhmhail go bhfuil seo cosamhail leis, na ar taobh na fairrge don t-sliabh, tá brollach geal de clochaibh sgaoilte.
    Casadh orm uair amháin sagart i gco Mhuineachain agus bhí sé an tugtha ag polladh ainmneacha áiteacha. Ní fhaca sé ariamh an Eargal roimhe sin agus seo mar chuaidh an cómhradh eadrainn.
    “An bhfuil an cnoc seo comhgarach don fhairrge
    “Tá.
    “An bfuil taobh na fairrge don Eargal geal.
    Tá sin ceart.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    An Earagail, Co. Donegal
    Collector
    Séumas Mac Giolla Bhríghde
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir