School: Dún Lúithche (roll number 16423)

Location:
Dunlewy, Co. Donegal
Teacher:
Séamas Mac Giollabhrighde
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 205

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1065, Page 205

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Lúithche
  2. XML Page 205
  3. XML “Seanchill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. I mbaile dhúin a lúithche tá fuigheallach sean mhainistir. Níl eolas ar bith le fághal sa cheanntar dá dtaobh de ach amháin go bhfuil sagart curtha ins an reilig a bhí cómhgarach don chill seo.
    Ag sgríobadh fán chill seo dubhairt an doctúir maguidhir (sagart) gurab é naomh Tornan a chur an mainistir seo ar bun, acht admhuigheann sé annsin nach rabh na Ceithre Mhaighistir ábalta eolas cinnte ar bith a thabhairt fán Eaglaiseach sin.
    Abrann cuid de na h-ughdair ag sgríobad fá Phalladius, go rabh ainm eile air -"tornán".
    Sé-baramhail Mhicheail Ó Cléirig gurabh ionann "tornan" agus "naomh matriannoch", duine de na seachtmhar mac a bhí ag Aengus.
    Dubhairt an dochtúir Maguidhir fosda gur chualaidh sé uadh shean daoiní gur ghnáthach na sean taoisigh as Litir Mhic and Bháird a chur ans an roilig agus gur ghnáthach le lucht an Toraidh oidhche a caithcheamh ins na cnuic sul a shroicheadar an roilic i ndún a lúithche.
    Níl crúchughadh ar bith le fághail le taisbean gur h-adhlachadh duine ar bith san uaigh seo le dhá chéad bhliadhain.
    Tá an roilic le feiceail go fóill, agus clocha na seasamh ins an talamh mar cuimneachain, acht níl eolas sgríobhtha ar bith orthu. Taisbeanann na daoiní meas agus ómos don phíosa talaimh a bhí beannuighthe am amháin agus a chongbuigheas anois cnámha na marbhanthach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Séumas Mac Giolla Bhríghde
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir