School: Dún Lúithche (roll number 16423)
- Location:
- Dunlewy, Co. Donegal
- Teacher: Séamas Mac Giollabhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Lúithche
- XML Page 220
- XML “Na Caoirigh Brocacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seo mar dinnis Maighread, bean mhic gaoith, as baile Ghleann Toir nFinn, scéal na gcaoirigh brocach domh.
Bhí cuid chnuic Dhúin a Luithche agus glean Tóir nFinn lan de chuid caoirigh bhrocacha na hAlbna agus buachaillí de chuid na hAlbna da gcoimhead. Chuir na sráideanna cuid na caoirigh I bpuill, agus annsin rinn siad casaoideacha leis na tighearnaí ar dhaoiní na háite. Chuir an tighearna an dlighe I bfeidhm I néadan mhuintir Ghleann Tóir nFinn agus Ghaoith Dobhair. Mhionnuig na sreadannaí ar na daoiní, agus mar cáin leagadh naoi bpunta ar gach teach.
Bhí seo éagcorthach ar na daoiní agus bhí siad nimhneach dá thairbhe. Ba é an sagart Ó Dochartaigh a bhí ag stiuradh an phobail ins an am. Chuaidh na daoiní cuige agus cuir a ngearran roimhe. Ba é an comhairle a chur sé orthu “ luach na gcánach ithe”
Chualaidh na sioth-maoirí seo agus thug siad an dlígheadh do cionnus a bheith ag broslughadh na ndaoiní cum uilce le leithéid do chomhairle.
Tugadh anon go Sasain é go tig na pairliminte. Chuaidh sé isteach sa teach seo thall, acht níor bhain sé de a hata.
Cuireadh ceist annsin air “cad chuige nar bhain sé de a hata, na ba é an gnás gach duine a(continues on next page)- Collector
- Séumas Mac Giolla Bhríghde
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Maighread Bean Mhic Gaoith
- Gender
- Female
- Address
- Gleann Tornáin, Co. Donegal