School: Dún Lúithche (roll number 16423)
- Location:
- Dunlewy, Co. Donegal
- Teacher: Séamas Mac Giollabhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Lúithche
- XML Page 215
- XML “Sagart ar a Sheachnadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sagart ar a Sheachnadh
Seo scéal a fuair mé uadh Micheal Ó Gallchobhair as Muine Beag. Chualaidh Micheal é ag Seán Ó h-Earcan ( nach maireann) as Mín-na –nGall.
I bhfad ar gcúl i n-aimsir na ndlíghte pianamhla, bhí saighdiuirí ns Sasana suidhte i mBaile an Chaisil in aice le Gort a’ Choirce i gcloich Cheann Fhaolaidh.
Fuair siad sgeala go rabh sagart ag siubhal imeasg na ndaoiní, agus go rabh sé i bhfolach ins an taobh thoir de phobal Chloic Chinn Faolaidh.
Go moch maidin amháin d’imthigh na saighdiúirí ar a thóir, agus chaith siad lá mór fada tuirseach dá chuartughadh agus fá dheireadh tháinig siad air in aice le Sliabh na Mucaise.
Rinneadh príosunach don tsagart agus phill an bhuidheain ar an bheiric. Ar an bhealach shroich siad teach an oifigeach ar dtús. Bhí an t oifigeach na chomhnuidhe tuairim dhá mhíle ón bheiric. Ba cheart don oifigeach a ghabhail leis an phríosúnach go bhfeicfeadh sé i gcuram uachtaran na beirice acht ar an lá seo bhí an t-oifigeach marbh tuirseach leis an tsiubhal a bhí déanta aige i rith an lae seo agus mheas sé nach mbeadh sé ábalta an dá mhíle na beirice agus araist a dhéanamh an oidhché sin.
Leag sé amach go gcongbochadh sé an sagart na theach go maidin, agus thug sé órdúghadh don(continues on next page)- Collector
- Séumas Mac Giolla Bhríghde
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Micheal Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Muine Beag, Co. Donegal