Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)

Suíomh:
Toraigh, Co. Donegal
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 318

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 318

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Toraighe
  2. XML Leathanach 318
  3. XML “Leigheas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá bataí ag fás ar an talamh. Agus sé an t-ainm atá ortha na bataí buidhe, agus tá léigheas piantaí cnámh ionta.
    Cuireann daoine síos cupa ar an teinidh agus cuireann siad uisge ann fosta, agus bíonn an t-uisge ag guil nuair a chuireann siad síos na bataí buidhe ann. Agus baineann siad guil asta. Agus cuireann siad ar a gcosa é nó cé bith áit a mbíonn an phian ortha.
    Má bhíonn faithnigh ar dhuine ar bith. Tá tobar ar an cheann thiar de'n bhaile, agus tá sé deánta shíos ar an leacha. Ta léigheas maith faithnigh ann. Dá rachadh duine síos go dtí an tobar agus faithne bheith ar a láimh, agus é ghabhail ar a ghlúine ar chloich atá ann agus urnaighe a rádh. An fhad a bhéadh sé rádh a urnaigh ba cheart do bheith ag cuir braon de'n uisge ar na faithnigh. Agus í gceann cupla seachtmhain d'imheochadh siad.
    Maighread NÍ Dhuibhir
    Fuair mé seo ó:
    Seamus Ó Duibhir
    Baile Thoir
    Oileán Thoraighe
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighread Ní Dhuibhir
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Duibhir
    Inscne
    Fireann