Scoil: Oileán Toraighe (uimhir rolla 5164)

Suíomh:
Toraigh, Co. Donegal
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 325

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 325

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Oileán Toraighe
  2. XML Leathanach 325
  3. XML “Scéal fá Iníon an Rí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    luighe i seomra eile. Nuair a mheas na chailiní go rabh sé na chodhladh, dubhairt an bhean a bá shine go rachadh sí isteach go bhfeicfeadh sí an gé. Chuaidh, bhuail sí a lámh ar dhruim an ghé agus ghreamuigh a lámh dí. Chuaidh an dara bean isteach annsin agus bhuail sí a lámh ar ghualainn an bhean eile agus d'fhan a lámh annsin. Chuaid an an tríomhadh bean isteach agus bhuail sí a lámh ar ghualainn an dara bean ag dul a tarraingt anall agus d'fhan sí annsin. Nuair a d'éirighe seisean ar maidín, chuaidh sé go dtí an gé chuir sé faoi na asgal í agus d'imthigh leis na rith, agus an triúr eile greamuighthe de chéile. casadh ministir ortha agus fuair sé greim ar an chailín a ba neise dó ag dhul a dtarraingt amach ó'n ghé acht d'fhan a lámh greammuighthe annsin. d'imthigh siad annsin an fear agus an gé agus na cailiní agus an mhinistir go dtí gur casadh saghart ortha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann