Scoil: Cnoc Sacsan (uimhir rolla 16024)
- Suíomh:
- Knocksaxon, Co. Mayo
- Múinteoir: P. Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc Sacsan
- XML Leathanach 312
- XML “Mo Shráidbhaile Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lé Daingean Mór an t-ainm atá ar mo shráidbhaile. Tá sé cuidhte bparraíste an gCaológa is í mBarúntacht Carra.
Tá dhá chlann déag ann is tá suas is anuas le seasga duine ann ar fad.
Sé Mac Niochlás an slionnead is lionmhaire dá bhfuil ann, tá ceithre clanna a bfuil an t-ainm sin ortha.
Tighthe cinn tuighe atá ann ar fad. Tá dhá sheómra is cistineach is aon similéar amhain do fhnáth ar gach teach. Níl ach trí cinn de fhuinneóga ar cuid díol ach tá ceithre cinn ar chuid eile.
Is mar seo a fuair é a ainm. Thóg duine de na Búrcaigh as Torloch caisleán ann na céadta is na céadta blian ó shoin. Chomnuig sé ann is a shliocht in a dhiaidh agus sliocht a sleachta go dtí gur díbrigheadh iad tar éis socrú Luimnigh
Tháinic na Gearaltaigh annsin is thóg siad seilbh ar thaltaí na mBúrcach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chuinneáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Danganmore, Co. Mayo