School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 609
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Luibh na bó;- Geibhtear cois na fairrge é i n-áit a bhfuil an tsáile ag teacht isteach air. Baintear é agus nighthear an gainimh as. Beirbhighthear é agus tugtar an tuisge beirbhighthe do bó lag tanaidhe chun í a leigheas.
Luibh na gCaorach:- Fásann an luibh seo san ngainimh leis. Bíonn bláth buidhe air agus nuair itheann an caora é ritheann sí go dtí an tsruthán agus leanann sí ag ól go bpléasgann sí.
Muing Bharra:- Duilleóga beaga a fhásann cois claidhthibh iseadh é sin. Piochtar iad agus cuirtear in aice na teineadh iad go dtí go mbhíonn siad te. Annsin cuirtear ar cos capaill nó ar cos asail atá aite air.
Buaileadh Sidhe:- Nuair thagann tinneas ar bó mar gheall ar í bheith ina luighe ar an bhféar fliuch deirtear gur b'iad na daoine maithe a chaith na clocha sin leo. Bailighthear na clocha agus cuirtear tuighe i mbéal an crúiscín le flóirín Sasanach(continues on next page)