Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Donegal
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 097

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 097

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 097
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thart ó theach go teach ag díol na sguab. Mar sin de tugadh Máire na Sguab mar ainm uirthí.
    Bhí cosa fíor mhór ar Tham na Spág. Bhíodh sé ag dul thart ag díol rudaí.
    Ba ghnáthach le Mairghead A' Bata a bheith ag dul thart ó theach go teach ag cruinnuighadh a codach. Nuair a thiocfadh an Corgas i gcomhnuidhe rachadh sí amach go teach Mhata Moor mar ní thiocfadh leithe a h-urnaigh a rádh agus ní bheadh aice le na rádh i dtoigh Mhata Moor mar teach gallda a bhí ann.
    Tháinig Pat Inbhear agus Seámus Inbhear as áit a dtugadh siad Inbhear air. Bhíodh siad ag dul thart annseo ag cuartughadh déirce.
    Ní rabh Máire Goosíe ábalta siubhal agus chaitheadh duine as teach amháin í a iomchar go dtí an teach eile.
    Bhí Betty Brocach bodhar. Ba ghnáthach leithe botha a bheith leithe agus bhíodh sé ag díol rudaí. Nuair a bhéadh damhsaí ins an sgoil roimhe seo bhéadh sí acu agus bhéadh an botha aici annsin agus bhéádh sí ag díol milseán.
    Bhéádh Padaí na gCat ag dul thart annseo agus cliabh ar a dhruim aige agus bhéadh cuid mhór púisiní leis ins an chliabh. Sin an tuige a tugadh Padaí na gCat
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cheallachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Donegal