School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 449
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Ins an tsean am bhí iasgaire bocht dar b'ainm Séamus Ua Frighill 'na chomhnuidhe ins na Rosaibh i gConndae Dhúin-na-nGall.”
(continued from previous page)ní fhacas ins na Rosaibh ariamh ó shoin é. Annsin thug Páidín an t-ór na bhaile. Bhí a mháthair na chodhladh san am seo, agus nuair a mhusgal sí ar maidin bhí iongantas mór uirthi. Bhí iongantas (mór i) níos mó uirthi nuar a chualaidh sí sgéal. Páidín ó thús go deireadh. Do chaith Páidín saoghal fada anois agus bfhuras do, no bhí neart saibhreas aige.Seanscéal
“Bhí beirt gasúr ann am amháin Seón amaideach agus Seán críonna.”
Sean Sgéal.Bhí beirt gasúr ann am amháin Seón amaidheach agus Seán críonna. Chuaidh siad síos go dtí an Sráith Bán le fastughadh a dheánamh. D’fhastuigh an bheirt. Lá amháin chonnaic Seón teach mhór ag taobh toighe a mhaigheastar. Ní rabh duine ar bith na chomhnuidhe ann. D’Fiafruigh Seón do mhaighistir cá tuige na rabh daoine na gcomhnuidhe ins an teach seo. D’innis an mhaighistir do go rabh taidhbhse ann agus dá bhfanfadh seisean trí oidhche ann go dtabharfadh sé cúig púnta do. Dubhairt Seón go bhfanóchadh, nach rabh eagla ar roimh taidhbhse ar bith. An chéad oidhche chaith Seón ann i dtráthaibh an mheadhon oidhche tháinig dhá fhear dhéag isteach agus (m) comhnar leóbhtha. Leag siad an comhnar ar an urlár agus léim fear mór dubh amach as, thosuigh an dá fhear dhéag dá bhualadh. Sgairt an fear mór dubh ar Seón cuiduighadh leis. Chuidigh Seón leis. Tháinig siad an dara oidhche arais. An tríomhadh oidhche dubhairt (se) Seón leis an(continues on next page)- Collector
- Gráinne Nic Ghloinn
- Gender
- Female