School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 485
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí fear ann a chomhnuidhe i Mín-Ghiolla-Chairrfhaidh darbh ainm Mac-Giolla-Bhuidhe.”
Sean Sgéal.Bhí fear ann a chomhnuidhe i Mín-Ghiolla-Chairrfhaidh darbh ainm Mac-Giolla-Bhuidhe. Chuaidh sé go Cnoc-Litreach ag cuartughadh mná. Fuair sé bean ba gnathach leis a ghábhail siar achan mhaidín agus a theacht arais san oidhche. Bhí aige le ghábhail thar sruthán. Bhí sé ábalta léim a thabhairt thar an sruthán achan mhaidín ach ní rabh sé ábalta tráthnóna. Chonnaic a uncal é agus d’fhiafruigh sé do, “Cad chuige na rabh sé ábalta léim a thabhairt thar an sruthán tráthnóna. Dubhairt sé “Tá sean-dhuine annsuid agus nuair a théid sinn isteach ag ar ndinnéar ní itheacan sé greim amháin agus téigheann sé amach arais ag caithfidh mise an rud céadna a dhéanamh agus ní fhágham leath mó sháith le ithe lá ar bith “Rachaidh mise leat i mbárach arsa an t-uncal. “Ar maidin rinne an bheirt réidh agus d’imthigh siad. D’íarr an t-uncal air gan stad a ithe go mbéadh a sháith ithte aige. Shiubhal siad leó go dtáinig siad fhad leis an teach. Rinne an bhean an tae. Shuidhe siad isteach ag an tábla. D’ith an sean-duine greim amháin agus chuaidh sé amach arais. Dith an bheirt a sháith agus chuaidh siad amach fosta. Rinne siad an rud céadna ag am(continues on next page)- Collector
- Róise Nic Néill
- Gender
- Female