School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 452

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 452

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 452
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal

    Bhí rí ann agus bhí trí ingheannacha aige. Bhí sé pósta an dara uair agus bhí inghean amháin aici.

    Sean Sgéal.
    Bhí rí ann agus bhí trí ingheannacha aige. Bhí sé pósta an dara uair agus bhí inghean amháin aici. Bhí an ghiorrsach seo iongantach deas agus bhí an triúr eire ionghantach grannach ba gnáth léithe a bheith ag buaidhealacht caora. Bhí caora dubh amháin ann Bhí an ocras ar an cailín achan lá. Thiocfadh an caora dubh aici, agus diarrfadh an caora dubh uirthi tábla beageas a bhaint amach as a chluas dheas agus bhí achan ceanal bidhar. Ní rabhas ag na daoine eile caidé bhí sé ag fághail ar an chnoc. Rinne duine aca amach go rachadh sí léithi an lá seo. Go bhfeiceadh sí caidé bhí sí ag fághail. Tháinig an chaora dubh ag an ghiorrsach seo agus chuir sí bior isteach anns an bhean eile agus thuit sí na coladh. Thug an caora an bidh don ghiorrsach eile. Nuair a mhusgal an ghiorrach eile bhí an ocras uirthi agus b’eigean duithe ghabhail na bhaile. D’fiafruigh an bhean duithe bhfaca sí rud ar bith. Dubhairt sí nach bhfacaidh sí rud ar bith ach an ocras a bhí uirthi. An dara lá chuaidh an dara chailín suas agus ní fhacaidh sí rud ar bith. Chuaidh an tríomhadh bean suas an tríomhadh lá. Thuit sí na codladh ach bhí súil ar chúl a cinn, agus chonnaic sí an rud a bhí ag dul ar aghaidh. D’innis sí do na mháthair é, nuair a chuaidh sí na bhaile. Rinne an mháthair amach go leagfadh sí uirthi fhéin go rabh sí tinn agus go gcaithfeadh sí croidhe an chaora dubh a fhághail. b’Éigin seo a dheánamh. Diarr an caora ar an ghiorrsach na cosa agus na cnámhaibh a thabhairt léithi agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic na Midhe
    Gender
    Female