School: Saighleán (roll number 6849)

Location:
Sylaun, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Puirséal
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0283

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0283

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Saighleán
  2. XML Page 0283
  3. XML “Clais an Aifrinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Clais an Aifrinn: an Saighleán, Co. na Gaillimhe
    Timpal trí cheád slat soir díreach ó scoil an tSaighleáin tá clais an Sifrinn suidhte. Is cosamhail í le clais ghsinimh ar bith maidir le cuma & caoi acht tá stair ag baint leithe san gceanntar seo atá ag rith siar cúpla céad bliadhain ar a laighead. San am sin nuair a bhí na dlighthe peannaideacha a luighe go trom ar Chaitliocaigh na hÉireann ba fóingteach an áit í, Clais an Aifrinn, do na Caitliocaigh mór-thimcheall an cheanntair. B'eadh, mar is innte a bhíodh an tAifreann binn dá rádh gach Dómhnach is Lá Saoire. Cé go bhfuil an Ceanntar ar fad go leathan, atá an talamh annseo níos righte ná in aon ait eile sa gcomhursanacht agus ar an adhbhar sin d'fhéadfaidhe radharc maith d'fhághail ar gach taobh den chlais i riocht is dá mbeadh namhad ar bith san gceanntar maguaird bheadh léargus le fághail ag an lucht faire fhad is bhíodh an tAifreann ar siubhal.
    Bhí altóir suidhte síos san gclais. Tá cuid di ann fós agus ar chloch di tá an dáta 1680 sgríobhtha.
    Nuair a laghduigheadh ar na droch dlighthe do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish