School: Saighleán (roll number 6849)
- Location:
- Sylaun, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Puirséal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Saighleán
- XML Page 0284
- XML “Clais an Aifrinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rinne Easpoc de muinntir Concubhair teampall beag achar beag taobh ó dheas de'n chlais & tá an teampaillín seo in sheasamh go fóill.
Bhí an t-Easpoc seo seal i gceannas an dóighise (fáirce) achadh Conaire Co Shligig acht chaith sé a laetheannta deiridh annseo in aonfacht le na mhuinntir. Ba le Muinntir Choncubhair an dúithche seo, agus deirtear gurb é an t-easpoc seo an t-oighre deire den sliocht a mhair. In a dhiadh sin thuit an dúithche ar fhear de muinntir Dhómhallanáin, a phos deirbhsiúr an easpuic seo & do mhair Dómhnalláin ann go dtí timcheall 30 mbliadna ó shoin nuair a díoladh an dúithche agus leagadh am teach mór.
Bhí teach mór an tighearna suidhthe leit-chéad slat ón gClais. Caitliocaigh a bhí i muinntir Choncubhair & i muinntir Dómhnalláin & b[h]íodh dídean le fághail ag sagairt & daoine eile ón gclann uasail seo. B[h]íodh sagart in a chómhnuide san teach mór i Saighleán, é gléasta suas mar fear oibre faitchios go ndeanfaidhe spídeoracht air. Bhí spídeóiri go fairsing san am seo nuair bhí cúig phunt ar cheann sagairt le linn an droch -(continues on next page)