School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0203
- XML “Gabha Chill Chathail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ins an t-sean aimsir bhí gabha ina chomhnuidhe in aice le Leacht Chill Cathail. Fear rúdh chúiseach do b'eadh é. Bhí sé pósta le mnaoi leithadach, a cheap nach raibh na fear ach amadán, agus ní raibh pioc measa aici air féin nó ar a cheird. Bhí ceathrar mac acu, agus, nuair a bhíodar ag éirighe suas ní leigfeadh a máthair isteach sa gceárdchain iad le faitchíos go salóchaidís iad féin leis an gceird shalach a bhí ag a n-athair. D'éirigh siad suas ina bhfearaibh gan mhaith gan mhaoin. Cailleadh an mháthair agus, tráthnóna an lae ar cuireadar í, bhí an ceathrar mac, agus an t-athair thart ar an teinidh, brónach go leór. Bhí an t-athair ag smaoineadh air féin, agus, dubhairt "anois, a chlann, tá bhúr máthar imthighthe agus, níl sibh i ndon aon cheird a leanamhaint mar nár leig sí díbh ceird bhúr n-athar a fhóghluim, agus níl aon ghréithí agam-sa díbh, ná níl aon mhaith dhíbh fanacht annseo. Imithighidh libh anois ar maidin, amáireach ar thóir oibre ach bígidh ar ais annseo fá cheann bliadhna."
Bhí go maith. Nuair a d'éirigheadar ar maidin lár na mháireach réidhtigheadar suas iad féin, agus d'fhághadar beannacht ag a n-athair, agus, seo leo i imbéal an bhóthair. Bhíodar ag suibhal gur shroicheadar cros-bhóthar. Sheasadair annsin gur ghlacadar cómhairle le na chéile.(continues on next page)- Informant
- Mairtín Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Age
- 44
- Occupations
- Feirmeoir
- Oide Gaeilge
- Address
- Baunmore, Co. Galway