School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tobac "a ' rolladh " roimhe ar an mbóthar. Chuir sé fé na asgaill é agus dubhairt sé go mbheadh an oiread tobac aige 's a dhéanfadh a tórramh agus a shocraidh agus bhí.
Is gearr a mhair sé ina dhiaidh sin agus bhí an oiread aige is a rinne a thórramh agus a shocraide. - Bhí fear na chomhnuidhe san áit seo sa droch-uair agus téigheadh sé go Sasana indeire an Earraigh gach bliadhain. Lá amháin sul a chuaidh sé go Sasana bhí sé ag reidhtiú na talmhan a bhí aige fhéin agus tháinig luch mhór amach as leacht agus d'fhág sí leath-choróin ar a' talamh ar aghaidh an áit na raibh sé. Chuaidh sí isteach arís agus thug sí amach leath-choróin eile agus d'fhág sí san áit céadna é. Thug sí(continues on next page)
- Informant
- Peadar Ó Cathasaigh
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Castlecreevy, Co. Galway