School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0212
- XML “Gabha Chill Chathail”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lámha le sop tuighe agus nuair a bhí sé déanta, chaith sé an sop tuighe istigh sa teinidh. D'fhill teachtaire an ríogh ar ais le na thuairisg. " Cé'n tuairisg ata agat, " adeir an ríogh. "Tá ," adeir an teachtaire, " is aige atá an caisleán is iongantaidhe dá bhfacaidh mé ariamh. Tá sé déanta sa gcaoi go bhfuil cead ag éanlaith an aéir a bheith a dul isteach agus amach ann agus is iongantaidhe na sin an gárda atá timcheall an caisleán aige. Bhí sé ag ithe a bhéile nuair a chuaidh mé isteach sa teach aige agus an bord a raibh a bhéile leagtha air, ní thuibhradh sé ar ór na cruinne ar fad é, ná ní thiubhradh sé an sgian a bhí aige ar do ríoghacht agus an túáille a bhí aige ag glanadh a lámh tar éis a bhéile; chaith sé isteach sa teinidh é sa gcaoi is nach mbeadh air a lámh a ghlanadh leis an gceann céadhna an dara huair. Chuir an ríogh an dára teachtaire go Cill Cathail ach dá fheabhas dá raibh an sgéal ag an gcéad teachtaire b'fhearr ag an dara teachtaire é. Pósadh inghean an ríogh agus an foighléirí agus fuair sé leath an rioghacht.Thug sé talta dá dearbhráthaireacha agus chuaidh sé go Cill Cathail go dtug sé leis a athair freisin agus bhí sógh agus sócamhalacht aca ar fad ar feadh a saoghail.
- Informant
- Mairtín Ó Dubhagáin
- Gender
- Male
- Age
- 44
- Occupations
- Feirmeoir
- Oide Gaeilge
- Address
- Baunmore, Co. Galway