School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0219
- XML “Scéal - Curach an Aonair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fear ann fadó agus ní raibh aige ach aon mhac amháin. Bhíodar an lá seo ag siubhal. "Á" adeir an mac, " an bhfeiceann tú an curach sin ag déanamh ort. Tá buille agus fice uirthi, agus ní bhéidh innti ach aon fhear amháin agus dom' iarraidh atá sé sin. Ach pé ar bith achar a leighfeas tú mise uait abair leis mé thabhairt ar ais nuair a bhéas an lá cháirde thuas."
" Déanfaidh sin" adeir an t-athair. Nuair a tháinig fear na curaighe suas léobh dubhairt sé leis an t-athair , "Tabhair dom do mhac; ar seisean " go ceann lá is bliadhna. " "Tiubharfad", ar seisean. Nuair a bhí an lá is bliadhain suas bhreathnuigh an sean-fhear amach agus chonnaic sé a mhac ag teacht agus an fear in éindigh leis agus d'fhiafruigh sé dhe, "An dtiubhairfaidh tú dom ar feadh lá is bliadhain eile é". "Tiubhradh " adeir an sean-fhear, " nach dtiubhfraidh tú ar ais arís é nuair a bhéas an lá cáirde thuas." "Tiubharfad" adeir an fear. Nuair a bhí an lá is bliadhain suas thug sé ar ais é. "Anois" adeir seisean(continues on next page)- Informant
- Liam Ó Cuinneagáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilgill, Co. Galway