School: Corr an Droma

Location:
Corrandrum, Co. Galway
Teacher:
Breandán Ó Míodhcháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0224

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0024, Page 0224

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Corr an Droma
  2. XML Page 0224
  3. XML “Scéal - Curach an Aonair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    féin, agus nuair a tháinigh sí ins an seomra aríst ní fhaca sí aon duine ach eascon beag ag lúbarna ins an mbraon uisge. Rug sí ar an soitheach agus ar an eascoin agus chaith sí amach san abhainn iad. Nuair a tháinig fear an tighe arís, "Cá bhfuil an fear a cheangail mé annseo", adeir sé. "Thug mé braon uisce dhó" ar sise, "rinne sé eascon de féin , agus chaith mise é féin agus an t-uisce isteach san abhainn. " "Cíorú ort" ar seisean, agus rinne sé dhá cheann déag de "dhibhreas" de féin agus dá mhuinntir agus chuadar 'na dhiaidh. Bhíodar ag teacht suas leis. Déirigh sé de léim. Rinne sé colm de féin agus bhí sé ag imhtheacht uatha. Rinne siad dhá cheann déag de seabhacain dhíobh féin. Bhíodar ag imtheacht in a dhiaidh. Bhí siad ag teacht suas leis. Chonnaic sé bean óg i bhfuinneóig tíghe. Rinne sé fáinne dhe féin, agus léim sé suas ar a mhéir. "Má bhíonn siad ag iarraidh aon fháinne," ar seisean , chaith sa teine é," adeir sé, "agus béidh liom-sa an uair shin." Tháinig siad isteach. Thosuigh siad ag iarraidh an fháinne. Thosuigh siad ag siubhal. Tháinic an t-athair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Ó Cuinneagáin
    Gender
    Male
    Age
    52
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Kilgill, Co. Galway