Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Corrandrum, Co. Galway
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a reidhteach dhí mar gníodh sí caon trathnóna eile. Bhí sí ina suighe i gcathaoir bhreágh sóchamhlach agus ní i bhfad a bhí an cailín a gabháil dá ceann núair a thuit sí in-a codhladh. "Seo i mo dheis anois," ars an cailín,
" féachfaidh mé c'én taisge atá sa simléar." Breathnughadh sí suas an simléar agus céard a bheadh ann acht mála óir. Sé 'n céadh maith a rinne sí e a thabhairt 'un talmhan, agus an dara maith bhreith ar an t-slatín draoidheachta as almhóir na seanmhná agus buille a bhualadh ar an dhá cloich ghlasa, mar bhí fhios aici cé a bhí ann ó chainnt na seanmhná féin. D'éirigh a bheirt deirbhshúir cuici aniar agus an tsean-bhean chómh maith leo. Acht ba mhaith an maise do mo chailín é. Bhí an tslaitín draoidheachta faoí réir aici agus roinn leis an tsean-bhean í. Bhí an sgéal réidh annsin fághadh in-a cloich glasa í. Ba mhaith an la do'n truir inghean na baintreabhaighe é. Ní fhacadar lá bocht arís lé na mbeo, agus ní dhéachadar faid coismeit coiligh ó'n teach aríamh ní ba mhó gan beannacth a máthair.- Faisnéiseoir
- Cáit Ní Oisín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Anbally, Co. Galway