School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0247
- XML “Seán an Cráiteachán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mé lag". "Cuir an oidhche anocht tharad" adubhairt Sorcha, "mar atá tú agus beidh an chuid is mo d'en fhoghluim déanta annsin." Chuaidh Seán a chodhladh agus bhí sé lag ar maidin. "Fan ar do leabaidh indiu" adubhairt Sorcha: D'fhan, agus an tríomhadh lá bhí an bás i ngar do Sheán. Chuir Sorcha duine i gcoinne an tsagairt dó leis an ola dhéidheanach a chur air. Rug sí ar fhranncach mhór a bhí ins an teach, mharbhuigh sí é, agus chuir sí sa bpota é dhá bhruith. Nuair a bhí sé bruithte, thoisigh sí ghá ithe agus Seán lag ins an leabaidh ós a comhar. "A n-íosfaidh tú an méid sin" adubhairt Seán leithe. "Íosfad" adubhairt sí " agus oireadh agus oiread eile". "Ó" adubhairt Seán agus a chroidhe briste lé mí-chéad, " oiread agus oiread eile." Nuair a tháinigh an sagart isteach dubhairt sé, "Cé chaoi bhfuil tú , a dhuine chóir" Dubhairt Seán "oired agus oiread eile". " Goidé ciall d'on chainnt seo atá aige" adeir an sagart lé Sorcha.(continues on next page)
- Informant
- Micheál Sgiréud
- Gender
- Male
- Age
- 39
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilgill, Co. Galway