School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0251
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)déanamh comhartha lé na lámha. Ar deireadh dubhairt Pádraig "má ndeárnadh sé duine balbh uait sé, ní rachadh mise chuige.
- Bhí madadh iongantach ag sean-fhear agus ní raibh aon madadh sa bparáiste nach raibh fá smacht aige. Ba é madadh mór giobach an
t-seiplínigh ba chruaidhe a théigheadh air agus b'iomdha cath fiochmhar a bhí eatorra. Ar deireadh ghlac madadh an t-sean-fhear nimh agus fuar sé bás. Bhí brón mór ar an sean-fhear annsin agus bhí an oireadh sin do chlaon aige leis is go bhfuair sé bhéiste déanta d'en croiceann agus chaitheadh sé í Domhnach is dálach. Lá amháin dá raibh an t-sean-fhear ag dul thart le teach an t-seiplinigh rith an madadh mór giobach amach ag tafaint air. Ní túisge a thosuigh sé na d'éirigh gach ribhe fionnaidh dá raibh ar an bhéiste ina sheasamh agus tháinig colg uirthi go díreach mar tagadh ar an madadh nuair a bhí sé beo.- Informant
- Máirtín Ó Cuain
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Kilgill, Co. Galway