School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na cailleacha go raibh Cnoc Áine tré-teine amach leo. Ní raibh siad i bhfad amuigh go dtáinig siad thar n-ais chun an doras ag iarraidh iad a leigint isteach aríst acht ní leigfeadh an bean isteach iad. Thosuigheadar ag glaodhac annsin. Do glaodh ceann aca ar a cháirdaibh í leigint isteach, "Ní fhéadfainn ars' an cardaidhe " mar atá mise chómh fada amach leath féin. Do glaodh cailleach eile amach " a thúirne mná an tíghe leig isteach sinn". " Ní fhéadfainn ars'an túrna, acá smut bhaint asam. Fá dheireadh d'iarr ceann aca ar shudóig gan béarna eirigh, agus iad do leigint isteach. Thosnuigh an t-súdóig ag léinnigh suas cun an doras ach rug bean an tíghe ar an tslis agus do rinne sí dhá leath dhi. D'imthigh siad uaithe agus ní fhaca sí ní ba mhó iad. Is é sin an fáth go mbainneann na mná smut as gach cáca do leigeann siadh thart.
- Informant
- Bean Uí Fhathaigh
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Baile Chláir, Co. Galway