School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0415
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fear ann uair amháin. Micheál beag a bhí mar ainm air. Fear beag seisteamhail é a bhíodh ag cur beagán i dtaisge i gcóir " na coise tinne" chuile uair a fuair sé an deis. Cailleadh a mháthair nuair a rugadh Micheál agus ó na óige ní dheachaidh greim ina bhéal nár shaothruigh sé go cruaidh . Ba é duine b'óige d'en chlann agus d'imthigh an cuid eile go Meiriocá réir mar bhí teacht ann dóibh go dtí nach raibh fágthe sa teach ach Micheál agus a athair. Nuair a fuair Micheál an teach agus an áit faoi fhéin phós sé cailín muinntir Módhráin agus ina dhiaidh cúpla bliadhain bhí siad deiseamhal go leór. Ach tháinig an droch saoghal an gorta mór agus an té nach raibh tóchar beag sa tiachóig aige ba ghearr gur theann an t-ocras leis agus go mbéigean dó an bóthar a bualadh agus greim lé n-ithe a sholáthar agus ba é an dán doiligh é sin a fághail an t-am céadhna. I dtosach an dara bliadhain(continues on next page)
- Informant
- Cáit Ní Oisín
- Gender
- Female
- Age
- 76
- Occupation
- Domestic worker
- Address
- Anbally, Co. Galway