School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus aon duine a fághann gal tobac ó dhuine eile deireann sé:-
"Beannacht Dé le h-anamnna na marbh."
(Seo nós atá san áit seo le fada an lá.)
Bhí fear ag dul go Gaillimh lá amháin agus bhí sé ag caitheamh a phíopa dhó fhéin ar a'mbóthar. Capall agus cárr a bhí aige. Casadh fear eile air ar a mbóthar agus shíl sé go dtiubhradh fear a ' cháirr gal dhó ach níor thug. Lean sé an cárr mar shíl sé go mbeidh fhéidir go dtiubhradh sé gal do an chéad uair eile a dhearghóchadh sé an píopa, ach níor thug. Chuaidh sé go Gaillimh dha leanamhaint ar an nós sin. Chuaidh sé isteach ag fear muinteandha dhó ar an mbaile mhór. "Céard a thug isteach thú" adeir sé. Dubhairt an fear leis gurbh é an tobac a thug isteach é mar bíodh sé ag trúthan le gal ó'n bhfear eile chuile uair a dhearguigheadh sé an píopa. Cheannuigh a chara píopa agus tobac do agus chuaidh sé abhaile agus fuair sé riolla(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Cathasaigh
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Castlecreevy, Co. Galway