School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0433
- XML “Na Trí Chomhairle”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)freisin:- gan aon loistín a ghlacadh in aon teach a bheadh bean óg pósta ag sean-fhear ann; nuair a chuirfeadh aon duine fearg air, suidh síos agus a phíopa a dheargadh; gan aon bhealach treasna no aith-ghiorra a thógáil ach an bóthar. Nuair a tháinig sé abhaile ag a bhean bhí a mhac méaduighthe suas go mór ar fead na dtrí bliadhna agus shíl sé gur fear a bhí ann a tháinig isteach ag a bhean fhad is bhí sé fhéin ar aimsir. Tháinig fearg mhór air ach chuimhnigh sé ar an gcomhairle a tugadh do agus shuidh sé síos cois na teine agus dhearguigh sé a phíopa. Annsin shín sé an builín chuig a bhean agus d'fhiafruigh sí dhó arbh' é sin a' méid a bhí aige t'réis na dtrí bliadhna. Dubhairt an fear leí nar tugadh blas ar bith dó ach an méid sin agus gur dubhradh leis gan blas a bhaint de no go dteidheadh sé abhaile. Bhuel, ghearr siad suas an builín agus nuair a gearradh é bhí sé lán de "shobhairíní buidhe" agus , ar ndó, bhí siad saidhbhir go deo arís ina dhiaidh sin.
- Informant
- Peadar Ó Cathasaigh
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Castlecreevy, Co. Galway