School: Corr an Droma
- Location:
- Corrandrum, Co. Galway
- Teacher: Breandán Ó Míodhcháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corr an Droma
- XML Page 0458
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“In aimsir na "Faction Fights" ba iad muinntear Oisín agus muinntear Mic Aodha ba mhó a bhíodh páirteach ionnta anseo.”
(continued from previous page)In aimsir na "Faction Fights" ba iad Muinntear Oisín agus Muintear Mic Aodha ba mhó a bhíodh páirteach ionnta annseo. Tá sé suas lé ceithre sgór bliadhain anois ó bhí a leithéidí ann san áit seo. Pé sgéal é, níor thaithnigh an obair seo leis an sagart beag nó mór agus is minic a labhair sé na n-aghaidh. Bhí " scuffle" mór eatorra lá amháin agus bhí fear óg laidir bríoghmhar de Mhuinntir Oisín, Uaitéar a bhí mar ainm air, agus ní raibh fear ar bith in ann seasamh in a aghaidh ann. An chéad Dómhnach eile bhí an sagart ag labhairt arís agus dubhairt sé agus é ag tagairt d'on throid deiridh:- "Tá fear eile ag éirigh suas anois ann a dtugann siad Uaitéar air agus tá sé níos measa ná ceachtar aca". Deirtear , m'ás fíor nó breag é, gur éirigh athair Uaitéar agus dubhairt sé :- "Bhí sé ann a mháram, agus níor mhór ann é, a Athair."- Informant
- Peadar Ó Cathasaigh
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Castlecreevy, Co. Galway