School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0017

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0017

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0017
  3. XML “Ainmneacha Áiteanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá go leór páirceanna i n-aice lé clais na Spoince, cuid aca - agus claiseanna ionta ach níl aon bpáirc aca chomh h-uaigneach sin lé clais na Spoince. Tá sean-fhothrach 'san bpáirc agus geallaim-se dhuit nach rachfadh aon duine de mhuintear na h-áite seo isteach ins an bpáirc sin nó isteach ins an sean-fhothrach fhéin taréis tuitim na h-oidhche.
    Aon oidhche amháin í mí na Samhna 1921 bhí bean as Clais an Thainimh ag dul go dtí teach carad ag iarraidh uirthi dul léithi go dtí an misiún a bhí í mBaile an Mhuilinn mar bhí eagla mór ar na daoine an uair sin roimh na Dubhcrónaigh agus ní théigheadh siad go h-áit ar bith, ins an oidhche leófa fhéin.
    Nuair a bhí sí ag teacht abhaile ar a seacht a chlog 'san oidhche ar an mbóithrín atá ag dul thart lé Clais na Spoince chonnaic sí splannc ag éirighe ins an aer ag geata na páirce. Tá an bóithrín sin go h-an-uaigneach ins an lá féin ach níor chuir an splannc seo aon fhaitchíos uirthi agus coinnigh sí siubhal maith suas thar an bpáirc mar cheap sí gur fear a las a phíopa agus cipín a chaitheamh uaidh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Milltown, Co. Galway
    Collector
    Pádhraic Ó Coisdealbha
    Gender
    Male
    Informant
    Máire Ní Coisdealbha
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Female