School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0042

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0042

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0042
  3. XML “An Maistreadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cuinneóg de'n tsean cineál atá againn sa mbaile. Tá dhá bó againn agus ghníonn mo mháthair an maistreadh fá dhó sa tseachtmhain. Gach maidin nuair a bhleagheann sí na mbó sgagann sí an bainne isteach i mbaisín mór agus fágann sí an bainne ins an mbáisín go dtí tráthnóna. Nuair a thagann an tráthnóna cuireann sí an tuachtar isteach i gcruca mór agus bheireann sí an bainne atá fághta do'n laoí. Ghníonn sí é sin ar feadh cúpla lá go dtí go mbíon[n] an cruca lán.
    Gheibheann sí an chuinneóg agus beireann sí sgiúradh maith dhó. Nuair atá sé sin déanta cuireann sí an bainne isteach ins an gcuinneóig agus cuireann sí an clár air agus tá an leithne ag dul thríd an cláir agus is leis sin a ghníthear an maistreadh. Tá go leor pisreóige ag baint le déanamh an maistrea[dh].
    Aon lá amháin bhí bean atá i n-a comhuidhe i n-aice liom ag déanamh an maistreadh ach níor féad sí é a dhéanamh. Ní raibh an tim at teacht ann. Chuaidh a fear amach agus thu[g] sé splanc amach leis i n-a phíopa agus chuaidh an bean amach agus dubhairt sí leis nar fheadh sí an maistreadh a dhéanamh. Tháinic sé isteach agus thoisigh sé air an maistreadh a dheanamh agus níor thug sé ach cúpla buile dhó agus bhí sé déanta. Cuireann na daoine splanc beag faoi'n gCuinneoig. Má thagann duine isteach i dteach agus an maistreadh dhá dhéanamh ní leigtear amach é go ndéanann sé an maistreadh ar feadh tamaillín.
    Chuala mé faoi baile agus bhí na bó go léir ag dul an bóithrín seo gach lá agus deirtear gur féidir an tim a ghoid ó'n mbó Lá Bealtaine. Ar aon nós tháinig an bean seo agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    2. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Pilib Ó hAodha
    Gender
    Male
    Informant
    Líam Ó hAodha
    Gender
    Male