School: Baile an Mhuillinn (B)

Location:
Milltown, Co. Galway
Teacher:
Pádraic Ó Discín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0042, Page 0123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Mhuillinn (B)
  2. XML Page 0123
  3. XML “Cluiche Cártaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feilméar agus a bhean ann agus ní raibh aca acht aon mhac amháin. Buachaill breagh urramhanta láidir a bhí ann agus ní raibh bean óg ag dul go teach an phobail nach raibh súil i n-a dhiaidh aice.
    Bhí an-tóir ar chártaibh aige. Ghabhfadh sé thar chnoc agus gleann seacht míle le oidhche maith cártai a bheith aige agus ní chongbhóchadh a raibh sa saoghal síor é.
    Aon oidhche amháin geimhridh bhí sé ag tigheacht abhaile an t-athghiorra tharéis bheith ag cluidhchigheacht nuair a chualaidh sé an fothramán cainnte achair maith taobh shiar de. Bhí an-siosgadh cainnte ann act níor fhéad sé focal ar bith a dhéanamh amach bhí an oiread sin aca ag caint i n-éinfeacht.
    Sheas sé go dtáiniceadar suas leis. Bhí an-mheitheal aca ann agus cónra dá iomchar aca. D'aithnigh sé duine aca - d'aithin beirt - triúr. Chonnaic a meisneach aige.
    D'fhiafruigh sé díobhtha cia raibh siad ag tabhairt an chónra. Dheamhan fáir ná freagradh a fuair sé. Chuaidh sé de léim ar an gcónra agus bhrugh go talamh é. Bhain a chasóg de agus chaith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish