School: Cill Éinne (Killina) (roll number 12818)
- Location:
- Killinny East, Co. Galway
- Teacher: Máire C. Ní Ghríobhtha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgeal ghreannmhar
Leadhbh ag Toruigheacht MnáBhí sean-bhaintreabhach ann fadó, agus ní raibh aicí acht aon mhac amháin. Seán abainm dó. Is cosamhail nach raibh ann ach pleidhche no amadáin mór gan aon ghuis. Bhí sé i gcomhnaidhe ag iarraidh cead pósta ar a mháthair ach ní thiubharfadh sise aon toil ar leigeann do posadh. Bhí a fhios aici go maith ná pósadh aon bhean é, bíodh gur cuma le cora dhuine aca ach fear fághail.
Ba é thoil Dé gur cailleadh an mháthair go díreach nuair a bhí Seán dá-fhicid bliadhain de aois.
"Deanann Dia an ceart" arsa Sean leis féin nuair a fuair sé marbh curtha í.
"Tá cead mo phaodhair anois agam"
"Tig liom posadh anois, gan bhuidheachas d'ón sean-chailleach - Ní fheadhfaidh sí mé stop anois!"
Lá ar na mháireach taréis an mháthair a chur, d'éirigh Seán go moch. Nígh sé is bheárr sé é féin. Ghléus sé suas é féin agus siúd ar thóruigheacht na mná é. Go díreach agus é réidh glan le bualadh amach(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó hEidhin
- Gender
- Male
- Address
- Killinny East, Co. Galway