School: Cill Éinne (Killina) (roll number 12818)

Location:
Killinny East, Co. Galway
Teacher:
Máire C. Ní Ghríobhtha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0185

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0185

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Éinne (Killina)
  2. XML Page 0185
  3. XML “Scéal Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeal eile
    Céad bliadain o shoin bhí fear ana-bhocht in a cómhnuidhe in ár mbaile mbeag. Bhí clann mór aige agus gach lá théigheadh sé dón choill chun admad a ghearradh agus a dhíol chun biadh d'fhághail dóibh.
    Lá amháin d'éirigh sé go moch agus thug sí canna in raibh a dhéinnéir leis agus as go bráth leis dó'n choill thosuigh sé ag obair ar a dhiachaill agus d'fhán sé ag gearradh go raibh sé go h-an deirnach san oidhche.
    Tháinig se abhaile annsin agus tug sé an canna leis. Nuair bí sé ag léimnigh thar balla céardh a chonnaic sé faoí an mballa ach cailín dheas agus éadaigh ban uirthi. Bheannuigh an fear dhí agus d'iarr sí air céardh a chóimeádh amach é go dtí an t-ám sin san oidche. D'innis an fear a sgeal dí agus d'iarr sí air ar'b mhaith leis canna lionta d'ór. Dubhairt an fear go mbéadh sé go h-an shásta dá bhfuigeadh sé é. "Feach isteach sa channa" ar sise agus d'feach sé agus bhí sé lionnta d'e phiosí óir.
    Bhí an fear go h- an shásta ar dtús acht sa deire dubhairt sé leis féin go lionfadh an sídeógh canna mór cómh maith leis an canna beag agus d'fág sé an canna beag annsin agus rith se abhaile le hagaidh an channa mhóire.
    Nuair tháinig sé dón áit in a d'fhág sé an sideóg agus an canna arís, bhí an canna ann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mairead Ní Dhéaghadh
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Killinny East, Co. Galway