School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Location:
- Kinvarra, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cupla oidhche roimhe sin freisin dubhairt an colcheathair leis go bhfacha sé solus mór ar bárr an crainn. Thosuigh an fear ag cur alluis le h-eagla agus d' fhag sé an póta ag a cholceathair agus dubhairt sé nach mbéadh aon rud le déanamh aige leis go mbéadh fáithciós air roimh na sídhéogaibh.
D'imthigh an fear abhaile agus brón mór air. An oidche sin tháinig fear siubhail isteach do'n dteach. D'iarr sé lóistín na h-oidhche ar an bhfear agus dubhairt an fear go dtabarfad sé an lóistín dhó agus fáilte.
D'innis sé dé'n bhfear siubhail i dtaobh an óir. Dubhairt an fear siubhail gurbh é féin a chur an t-ór i bhfolach na céadta blian ó shóin agus nach raibh cheart ag an bhfear eile é thabhairt leis. Thuith an fear eile i laghar le fáitchíos nuair a chuala sé é sin. Chuir sé ruaigh ar an bhfear siubhail amach as a theach.- Collector
- Cáitlin Ní Fallamhain
- Gender
- Female
- Address
- Kinvarra, Co. Galway
- Informant
- Padraigh Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Kinvarra, Co. Galway