School: Árd Mhór

Location:
An Aird Mhóir, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó Gleasáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 238

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0011, Page 238

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd Mhór
  2. XML Page 238
  3. XML “An Drochshaol - An Ghorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Droc-Shaoghal
    An Ghorta
    Do bhí an ghorta san áit seo san mblian 1846 agus fuair go leor daoine bás. Tháinig an dubcán ar na fataí agus ba iad na fataí a bhíodh dhá gcoinneál beo an tám sin. Sé an chaoi a mbíod siad ag dul amac ar an sliabh ag marbhú girrfhidthe is coiníní agus dhá n-ithe leis an ocras. Teigheadh cuid eile acú amac ar an bfarraige agus mharbhídís iasg agus chaitheadhar tamall beo ar an gcuma sin. Nuair a bhí na gléasaí iasgac a bhí aca caitthe ní rabhadar indon aon cheann eile a cheannach. Bhíodh na daoine ag dul ar na h-oileáin ag ite uibeaca na n-éan. Bhí go leor do na daoine ag iarraidh imhtheact as an tír ach ní raibh aon bhád acú le imtheact as an tír. Bhí go leor aca ag fághail bháis agus gan aon greim le n-ithe aca. Na daoine a raibh neart airgid féin aca agus beatha bhíodar ag fághail bháis leis an droc-thinneas a bhí in-a measg. Fuair go leor go na daoine bocta bás ins gac áit. Bhíod na daoine ag fághail báis ar a gcuid leabthaca agus gan aoinne do'n líon-tighe indon éirige. Bhíod na sean ndaoine ag dúnad na ndóirse agus faitchíos orra nuair a thiocfadh ocras orra nac mbeadh siadh indon an doras a dhúnadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Breathnach
    Gender
    Male
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Congaile
    Gender
    Male
    Address
    Caladh Mhaínse, Co. Galway